Na Briathra – Cuid a Trí (Modh Coinníollach agus an Briathar Saor).
Raidió Rí-Rá – Raidió ar líne as Gaeilge
3 DFóFuaireas ríomhphoist ar maidin faoin stáisiún raidió seo atá ar líne. D’fhéachas air agus tá sé an-mhaith ar fad. Bíonn comortais acu gach lá agus bíonn an ceol is déanaí acu ar an stáisiún, agus is féidir leat vóta a dhéanamh chun an ceol a sheinntear a phiocadh. Bíonn seóanna beo acu ón a deich ar maidin Dé Luain go dtí Dé hAoine agus bíonn an nuacht is déanaí acu ar an suíomh comh maith.
Foireann Díospóireachta na Gaeilge
28 MFóAr dtús ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil do na daltaí go léir a tháinig chun an triail a dhéanammh don fhoireann díospóireachta. Bhí na múinteoirí Gaeilge an-bhrodúil asaibh agus an an gcaighdeán gaeilge a thaispeáin sibh dúinn ar an lá. Faraor ní féidir linn ach seisear a phiocadh don fhoireann ACH nuair a bhíonn cuinnuithe againn chun ullmhúchán a dhéanamh do chomórtas díospóireachta beidh fáilte romhaibh go léir teacht chun chabhrú linn mar thaighdeoirí nó fiú chun éisteacht agus scileanna a fhoghlaim.
Arís gurbh míle maith agaibh go léir ach teacht.
Seo an fhoireann díospóireachta:
Ailsinn T / Katie C / Christine Farrell / Lorna O’ B / Shannon G / Rachel W
Go raibh maith agaibh go léir as teacht agus tá fáilte roimh gach duine ag na cruinnithe.
TG4 ag teacht go dtí Cnoc na Labhras
1 MFóTá nuacht iontach agam daoibh. Beidh TG4 ag teacht go dtí Cnoc na Labhras Dé hAoine seo an 7ú Meán Fómhair. Beidh siad ag déanamh taifead na scoile, agus beidh siad ag eagrú tarraing téada idir na múinteoirí agus na daltaí agus beidh gach rud le feiceáil ar an gclár teilifíse Ponc XL.
Tá siad ag tabhairt seans do cheathrar dalta ón scoil bheith mar láithreoirí ar an lá. Is deis iontach é seo agus más maith leat bheith mar láithreoir teilifíse ar feadh lá amháin, déan teangmháil liomsa, Iníon Uí Iarlaithe, ar scoil Dé Luain. Beidh Cnoc na Labhras ar an teilifís!!
An bhfuil séimhiú ar an aidiacht san iolra?
9 DFóThere is a séimhiú on the adjective in the iolra (plural) only when the adjective ends in a slender consonant
m.sh. capaill mhóra,
crainn ghlasa,
na fir mhóra,
na hÉireannaigh mhóra